D’athdhearamar an gréasán bus agus ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil.

Tá an gréasán bus a fhreastalaíonn ar Ghaillimh, ar Bhearna agus ar Órán Mór á athdhearadh. Chomhoibrigh údaráis áitiúla, oibritheoirí bus agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair chun Dréacht-Ghréasán Nua a dhearadh.

A luaithe a bheidh sé tugtha chun críche, tosófar ar an nGréasán Nua a chur chun feidhme sa bhliain 2025 agus leanfaidh an Gréasán Nua ar aghaidh ag forbairt chun tacú le fás na Gaillimhe sa todhchaí.

Níl an suíomh seo ag glacadh le freagraí suirbhé a thuilleadh. Mar sin féin, féadfaidh tú aiseolas a chur isteach ag busconnects.ie/.

View this site in English.

Tabhair cuairt ar na leathanaigh ar an suíomh seo trí na cnaipí thíos a úsáid, cliceáil ar “Tosaigh” chun dul tríd an bhfaisnéis in ord, nó téigh go díreach chuig ceisteanna an tsuirbhé.

Foghlaim faoi BusConnects agus faoin bpróiseas um athdhearadh an ghréasáin bus. 
Gnóthaigh tuiscint ar na comhbhabhtálacha agus na roghanna a thagann aníos le linn gréasán iompair phoiblí a dhearadh. 
Iniúch an Dréacht-Ghréasán Nua. 
Tar éis duit an Dréacht-Ghréasán Nua a athbhreithniú, cuir do thuairimí in iúl dúinn. 
Faigh amach cad a tharlaíonn anois agus conas is féidir leat bheith rannpháirteach ann. 

= Page includes questions or opportunities for comment.

Image gallery contents:

BusConnects

1. An Gréasán Bus a athdhearadh. 2. Gréasán nua conairí bus agus lánaí rothar a thógáil. 3. Córas ticéadaithe úrscothach a chur chun feidhme. 4. Córas íocaíochta gan airgead tirim a chur chun feidhme. 5. Struchtúr táillí níos simplí. 6. Libhré nua bus. 7. Stadanna agus scáthláin nua bus a bhfuil comharthaí níos fearr agus faisnéis níos fearr acu. 8. Láithreacha nua Páirceála agus Taistil ag príomhláithreacha. 9. Aistriú chuig flít busanna astaíochtaí nialasacha.

Gréasán uirbeach bus na Gaillimhe, 2022

Maidir le BusConnects

Is é is BusConnects ann ná clár um infheistíocht iompair i limistéir cheannchathartha na hÉireann. Déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) é a fhorbairt agus a bhainistiú, agus cistíonn Tionscadal Éireann 2040 é.

Is é athdhearadh an ghréasáin bus an chéad bheart.

Físeán: Maidir le BusConnects

Cuspóir

Cabhróidh BusConnects na Gaillimhe leis na beartais áitiúla agus náisiúnta sin a bhaint amach i gCathair na Gaillimhe, i mBearna agus in Órán Mór:

  • An Plean Forbartha Náisiúnta
  • An Plean Gnímh don Aeráid
  • Straitéis Iompair na Gaillimhe
  • Plean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
  • Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe

Cén fáth a bhfuil sé seo á dhéanamh againn?

I bhfianaise fhás na Gaillimhe agus a purlán, agus i bhfianaise na n-iarrachtaí náisiúnta na hastaíochtaí carbóin ón iompar a laghdú, tá géarghá ann le seirbhísí bus i nGaillimh a athmheas agus le hathinfheistiú iontu.

Tháinig forbairt mhall ar ghréasán bus na Gaillimhe de réir mar a tháinig fás ar an gcathair. Sa bhliain 2016, sainaithníodh i Straitéis Iompair Chathair na Gaillimhe feabhsuithe ar an ngréasán uirbeach bus a cuireadh chun feidhme go páirteach sna blianta ó shin i leith. Tá tuilleadh feabhsuithe ag teastáil, áfach, chun:

  • An t-iompar poiblí a dhéanamh níos úsáidí agus níos tarraingtí.
  • An spleáchas ar an gcarr príobháideach a laghdú.
  • Tacú le fás fostaíochta, oideachais agus daonra i láithreacha a bhfuil rochtain ar an iompar poiblí iontu.
BusConnects|1. An Gréasán Bus a athdhearadh. 2. Gréasán nua conairí bus agus lánaí rothar a thógáil. 3. Córas ticéadaithe úrscothach a chur chun feidhme. 4. Córas íocaíochta gan airgead tirim a chur chun feidhme. 5. Struchtúr táillí níos simplí. 6. Libhré nua bus. 7. Stadanna agus scáthláin nua bus a bhfuil comharthaí níos fearr agus faisnéis níos fearr acu. 8. Láithreacha  nua Páirceála agus Taistil ag príomhláithreacha. 9. Aistriú chuig flít busanna astaíochtaí  nialasacha.

Athdhearadh an ghréasáin bus

Is é atá sa tionscadal seo ná deis chun athsmaoineamh a dhéanamh ar dhearadh ghréasán bus na Gaillimhe, agus díriú á leagan ar riachtanais an lae inniu agus ar an bhfás atá ar tí teacht chun cinn.

Is athdhearadh as an nua é seo, rud a fhágann go n-áirítear leis na leasuithe atá beartaithe cé na bóithre a n-oibríonn busanna orthu, amanna agus laethanta seirbhíse, minicíochtaí, agus cén áit a gcómhalartaíonn daoine.

Is faoi staidéar agus faoi réir leasú atá na bealaí uirbeacha bus uile i gCathair na Gaillimhe, i mBearna agus in Órán Mór. Tá na bealaí sin á n-oibriú faoi láthair ag Bus Éireann agus ag City Direct.

Tá roinnt bealaí cosúil leo sin atá sa ghréasán bus atá ann cheana. Tá sé sin amhlaidh toisc go dtacaíonn na bealaí leis na himthosca atá ann i láthair na huaire agus na himthosca a bheidh ann amach anseo, beag beann ar stair nó ar thraidisiún.

Tá uimhir nua á tabhairt do gach bealach sa Dréacht-Ghréasán Nua, fiú i gcás go bhfuil siad cosúil le bealach atá ann cheana.

Is é an cuspóir atá leis an gcomhairliúchán ar líne seo ná cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal a dtuairim a chur in iúl maidir leis an ngréasán bus a bheidh ann amach anseo.

Ós rud é gur ní a mbraitheann duine éigin air é gach mionsonra ar leith den ghréasán atá ann cheana, tá an tÚdarás ag súil leis go bhfaighfear raon leathan tuairimí dearfacha agus diúltacha. Is í an phríomhcheist anseo ná cé acu is mó nó nach mó méid na bhfeabhsuithe atá beartaithe ná aon mhíchaoithiúlacht a thagann as an athrú é féin.

Gréasán uirbeach bus na Gaillimhe, 2022

Gréasán uirbeach bus na Gaillimhe, 2022.
Cliceáil ar na híomhánna chun a méid a mhéadú.


Léigh tuilleadh

Prionsabail Iompair Phoiblí

Sprioc uileghabhálach de chuid BusConnects na Gaillimhe is ea cur le rochtain daoine ar dheiseanna trí iompar poiblí a úsáid. Chun déanamh amhlaidh, is gá cur ar chumas níos mó daoine níos mó áiteanna úsáideacha a shroicheadh laistigh de mhéid réasúnach ama.

Chun leibhéal níos airde rochtana a bhaint amach, teastaíonn infheistíocht nua sa tseirbhís, mar aon le dearadh gréasáin atá ag teacht leis na háiteanna a bhfuil daoine lonnaithe iontu agus leis na háiteanna a dteastaíonn uathu dul chucu.

Léigh na leathanaigh thíos agus foghlaim faoi na heochairphrionsabail atá i gceist le gréasán bus níos fearr i nGaillimh a dhearadh.


Image gallery contents:

Dearadh le haghaidh Ardrochtana

Dearadh le haghaidh Ardrochtana

Dearadh le haghaidh Ardrochtana

Is féidir le gréasán iompair phoiblí pátrúnacht a mhéadú trí rochtain a mhéadú. Is é atá i rochtain ná cá mhéad post, duine, scoil, siopa agus deis eile is féidir le daoine a shroicheadh d’iompar poiblí laistigh de mhéid réasúnach ama.

Is gnách gurb é an toradh a bhíonn ar an meánrochtain a soláthraíonn gréasán í a mhéadú ná pátrúnacht a mhéadú toisc gur féidir le daoine líon níos mó dá dturais a thógáil d’iompar poiblí gan a lán ama a chaitheamh.

Tosca a dhéanann difear do rochtain:

  • Cá mhéad ceann scríbe atá gar do bhealaí iompair phoiblí.
  • Cá fhad a thaistealaíonn duine de shiúl na gcos chuig an tseirbhís agus ón tseirbhís.
  • Cá fhad a bhíonn duine ag feitheamh le haghaidh na seirbhíse.
  • Cé chomh fada agus a thaistealaíonn duine ar an tseirbhís.
  • Luas na seirbhíse.
  • Cá fhad a bhíonn duine ag feitheamh chun cómhalartú idir seirbhísí.

Tá smacht ag údaráis iompair phoiblí ar roinnt de na tosca sin: an t-aga feithimh, an cómhalartú, cé chomh díreach is atá an bealach, cén áit a soláthraítear seirbhís.

Tá níos lú smachta acu, nó níl aon smacht acu, ar thosca eile: luas an bhus, achair thaistil, cén áit a bhfuil poist agus tithe lonnaithe. De ghnáth, bíonn na tosca sin faoi smacht na gComhairlí Cathrach agus na gComhairlí Contae toisc go mbainistíonn siad úsáid talún, forbairt agus bóithre áitiúla.

(Cliceáil ar na híomhánna chun a méid a mhéadú.)

Dearadh le haghaidh Ardrochtana

Image gallery contents:

Bealaí Díreacha, Ardchastacht

Naisc, ísealchastacht

Rochtain a Mhéadú trí Mhinicíocht Níos Fearr a Thairiscint

Ba cheart gréasán iompair phoiblí a bheith níos fearr ná a chodanna aonair. Ní féidir le bealach bus amháin daoine a thógáil ach amháin chuig áiteanna áirithe. Má bhíonn naisc úsáideacha ag an mbealach sin lena lán bealaí eile agus le traenacha, áfach, beifear in ann i bhfad níos mó áiteanna a shroicheadh.

Tá gréasán nasctha ina ghné thábhachtach den rochtain ar iompar a uasmhéadú agus, ar an mbealach sin, de phátrúnacht iompair a uasmhéadú. Is féidir le gréasán nasctha a bheith níos simplí, agus seirbhísí níos minice á dtairiscint agus, mar sin de, agaí feithimh níos giorra á dtairiscint.

Cliceáil ar na híomhánna chun a méid a mhéadú.

Bealaí Díreacha, Agaí Fada Feithimh, Castacht

Sa ghréasán seo, tagann gach bealach gach 30 nóiméad. Teastaíonn aga fada feithimh chun aon bhealach a úsáid.

Bealaí Díreacha, Ardchastacht

Cómhalartú, Agaí Gearra Feithimh, Simplíocht

Sa ghréasán seo, is féidir leis an líon céanna busanna nascadh leis na háiteanna céanna, agus bealaí ag teacht gach 10 nóiméad. Teastaíonn cómhalartú ó roinnt turas, ach bíonn na hagaí feithimh i bhfad níos giorra.

Naisc, ísealchastacht

Bíonn gréasán nasctha ag brath ar chómhalartú, áfach, agus is féidir go mbeidh cómhalartú ina bhacainn más rud é:

  • Go ngearrtar táille bhreise as busanna a athrú.
  • Go bhfuil sé míchompordach feitheamh ag an bpointe cómhalartaithe.
  • Gur neamhiontaofa atá amanna teachta bus.
  • Go bhfuil sé doiligh an stad bus ceart nó an bus ceart a aimsiú, nó go bhfuil turas fada de shiúl na gcos ag teastáil ina leith.

Mar chuid de BusConnects na Gaillimhe:

  • Ní bheidh aon táille bhreise ann as cómhalartú roimh i bhfad, bíodh sé i measc busanna nó idir busanna agus traenacha.
  • Is i bhfad níos compordaí a bheidh stadanna bus agus scáthláin bus mar a mbíonn a lán daoine ag feitheamh.
  • Beidh feabhas ann ar an iontaofacht bus, a bhuí le Nasc Traschathrach agus le bearta eile BusConnects.
  • Is féidir na faid siúil chuig cómhalartú a ghiorrú.

De bharr na n-athruithe uile sin, beifear in ann an gréasán bus a dhearadh le haghaidh turais níos gasta, tuilleadh rochtana agus tuilleadh pátrúnachta, más féidir cur suas le tuilleadh cómhalartaithe. Cén fáth a mbeadh sé indéanta daoine a thabhairt chuig an áit a bhfuil siad ag dul chuige ar bhonn níos gasta dá ndearfaí gréasán le haghaidh cómhalartú? Amharc ar an bhfíseán chun a fháil amach conas a bheadh sé sin indéanta.

Image gallery contents:

Dlús

Maidir le háit atá dlúth ó thaobh cónaitheoirí, fostaithe, siopaeirí, mac léinn agus cuairteoirí de, tá aige líon níos mó úsáideoirí féideartha iompair phoiblí in aice gach stad bus.

Insiúltacht

Déanann an gréasán sráideanna, na cosáin agus na pointí trasnaithe atá timpeall ar stad bus difear don líon daoine atá sásta agus ábalta siúl chuig an stad.

Líneacht

Suíonn cé na háiteanna go díreach a bhfuil foirgnimh tógtha iontu cé chomh líneach agus chomh héifeachtúil is atá na bealaí iompair phoiblí.

Gaireacht

Maidir le háiteanna ina bhfuil dlús leanúnach agus gníomhaíochtaí leanúnacha feadh bóthair, tá sé níos éifeachtúla freastal orthu agus is féidir freastal orthu trí bhealaí níos minice a sholáthar.

Meascán Úsáidí

Déanann an meascán úsáidí feadh bóthair difear do cé chomh héifeachtúil agus is féidir leis an iompar poiblí freastal ar dhaoine. I limistéir a bhfuil poist, siopaí agus tithíocht iontu, bíonn daoine ag taisteal d’iompar poiblí i ngach treo ar fud an lae agus ar fud na seachtaine. Fágann sé sin gur féidir le feithiclí a bheith lán ar feadh an chuid is mó den am a bhíonn siad ag soláthar seirbhíse.

Cén Áit ar Cheart Seirbhís Mhinic a Sholáthar

Ceann de na dóigheanna is fearr ar féidir rochtain a mhéadú ar fud gréasán iompair phoiblí is ea agaí feithimh a ghiorrú tríd an minicíocht a fheabhsú. Mar thoradh ar sheirbhís níos minice:

  • Laghdaítear an t-aga feithimh (agus an t-aga taistil foriomlán dá bharr).
  • Cumasaítear duit taisteal nuair is mian leat.
  • Feabhsaítear an iontaofacht, toisc go mbeidh bus eile ag teacht roimh i bhfad má chailleann tú do bhus.
  • Bíonn an cómhalartú (idir dhá sheirbhís mhinice) gasta agus iontaofa.

Sa todhchaí, tairgfidh gréasán bus na Gaillimhe faisnéis fíor-ama faoi amanna teachta bus. D’ainneoin na teicneolaíochta sin, beidh ar dhaoine feitheamh fós mura mbíonn na bealaí ag oibriú go minic. Maidir le daoine nach bhfuil faoi bhrú ama nó ar féidir leo a dturas a uainiú de réir an sceidil bus, tá seans ann nach miste leo bealach neamh-mhinic a úsáid. Is amhlaidh, áfach, nach mbíonn an tsolúbthacht sin ag an gcuid is mó de dhaoine agus iad ag dul chuig an obair, chuig an scoil nó chuig coinne, agus is minic a fhágann minicíocht níos measa go sroicheann daoine a gceann scríbe ag am atá níos luaithe ná mar ab fhearr leo.

I gcás go bhfeabhsófar an mhinicíocht in áiteanna a bhfuil líon ard daoine, post agus deiseanna eile iontu, feabhsófar meánrochtain an phobail.

Méadaíonn an mhinicíocht níos fearr an acmhainneacht ardphátrúnachta...ach ní leor é sin chun ardphátrúnacht a chruthú. Tá tionchar ollmhór ag patrúin forbartha, ag úsáid talún agus ag dearadh sráideanna ar an líon daoine is féidir leis an iompar poiblí a shroicheadh go héifeachtúil agus, dá bhrí sin, ar cé na háiteanna ar féidir seirbhís mhinic a sholáthar iontu.

Limistéir a bhfuil acmhainneacht ardphátrúnachta acu a aithint

Dlús

Maidir le háit atá dlúth ó thaobh cónaitheoirí, fostaithe, siopaeirí, mac léinn agus cuairteoirí de, tá aige líon níos mó úsáideoirí féideartha iompair phoiblí in aice gach stad bus.

Cliceáil ar na híomhánna chun a méid a mhéadú.

Dlús|Maidir le háit atá dlúth ó thaobh cónaitheoirí, fostaithe, siopaeirí, mac léinn agus cuairteoirí de, tá aige líon níos mó úsáideoirí féideartha iompair phoiblí in aice gach stad bus.

Insiúltacht

Chun bealach bus a úsáid, ní mór do dhaoine bheith ábalta dul chuig an stad, agus tosaíonn formhór mór na bpaisinéirí a dturas trí thaisteal de shiúl na gcos.

Déanann an gréasán sráideanna, na cosáin agus na pointí trasnaithe atá timpeall ar stad bus difear don líon daoine atá sásta agus ábalta siúl chuig an stad.

Insiúltacht|Déanann an gréasán sráideanna, na cosáin agus na pointí trasnaithe atá timpeall ar stad bus difear don líon daoine atá sásta agus ábalta siúl chuig an stad.

Líneacht

Suíonn cé na háiteanna go díreach a bhfuil foirgnimh tógtha iontu cé chomh líneach agus chomh héifeachtúil is atá na bealaí iompair phoiblí.

I gcás go bhfuil dlúthfhorbairtí lonnaithe i bhfad ar shiúl ó phríomhbhóithre nó i gcás go bhfuil foirgnimh suite ag foircinn limistéir cul-de-sac, caithfidh bealaí bus dul ar seachrán chun teacht gar do dhaoine. Fadaíonn sé sin turais paisinéirí, agus tá sé níos costasaí an bealach a oibriú.

Líneacht|Suíonn cé na háiteanna go díreach a bhfuil foirgnimh tógtha iontu cé chomh líneach agus chomh héifeachtúil is atá na bealaí iompair phoiblí.

Gaireacht

Toisc ríthábhachtach taobh thiar den chostas atá i gceist le bealaí bus a sholáthar is ea achar. Dá mhéad an t-achar is ea is ísle an líon daoine ar féidir freastal orthu laistigh d’aon bhuiséad oibriúcháin ar leith.

Maidir le háiteanna ina bhfuil dlús leanúnach agus gníomhaíochtaí leanúnacha feadh bóthair, tá sé níos éifeachtúla freastal orthu agus is féidir freastal orthu trí bhealaí níos minice a sholáthar.

Gaireacht|Maidir le háiteanna ina bhfuil dlús leanúnach agus gníomhaíochtaí leanúnacha feadh bóthair, tá sé níos éifeachtúla freastal orthu agus is féidir freastal orthu trí bhealaí níos minice a sholáthar.

Meascán Úsáidí

Déanann an meascán úsáidí feadh bóthair difear do cé chomh héifeachtúil agus is féidir leis an iompar poiblí freastal ar dhaoine. I limistéir a bhfuil poist, siopaí agus tithíocht iontu, bíonn daoine ag taisteal d’iompar poiblí i ngach treo ar fud an lae agus ar fud na seachtaine. Fágann sé sin gur féidir le feithiclí a bheith lán ar feadh an chuid is mó den am a bhíonn siad ag soláthar seirbhíse.

Is gnách go ndéantar an t-iompar i limistéir is limistéir chónaithe nó fostaíochta ar fad a úsáid i dtreo amháin den chuid is mó – mar shampla, bíonn busanna lán agus iad ag taisteal amach ó na tithe cónaithe agus i dtreo na bpost ar maidin agus bíonn siad folamh den chuid is mó agus iad ag taisteal ar ais sa treo eile. Fágann sé sin go roinntear costas na seirbhíse ar líon níos ísle paisinéirí.

Meascán Úsáidí|Déanann an meascán úsáidí feadh bóthair difear do cé chomh héifeachtúil agus is féidir leis an iompar poiblí freastal ar dhaoine. I limistéir a bhfuil poist, siopaí agus tithíocht iontu, bíonn daoine ag taisteal d’iompar poiblí i ngach treo ar fud an lae agus ar fud na seachtaine. Fágann sé sin gur féidir le feithiclí a bheith lán ar feadh an chuid is mó den am a bhíonn siad ag soláthar seirbhíse.
50% Complete

An Dréacht-Ghréasán Nua

Foghlaim faoi na tairbhí a bheidh ag baint leis an Dréacht-Ghréasán Nua.

Na Tairbhí a bheidh ag baint leis an Dréacht-Ghréasán Nua

  • Thiocfadh méadú 50%, beagnach, ar sheirbhísí bus.
  • Laistigh de 30 nóiméad, d’fhéadfadh an meánchónaitheoir 38% níos mó de phoist a rochtain ar laethanta le linn na seachtaine ... agus 43% níos mó de phoist a rochtain ar an Satharn.
  • Bheadh líon i bhfad níos mó cónaitheoirí agus post laistigh de thuras cúig nóiméad de shiúl na gcos ó sheirbhís mhinic ar laethanta le linn na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine.
  • Nascfadh bealach 24 huaire an chloig Lár na Cathrach, Dabhach Uisce, an Pháirc Mhór, Cnoc na Cathrach, ollscoileanna agus ospidéil lena chéile.

Conas a bheadh an gréasán difriúil?

  • Agaí feithimh níos giorra agus cómhalartú níos fusa, a bhuí le minicíochtaí níos fearr.
  • Turais níos dírí agus níos gasta.
  • Níos mó bealaí a bheith ag oibriú sa tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine.
  • Minicíochtaí níos fearr sa tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine.
  • Roinnt athruithe ar bhealaí trasbhaile maidir le cé na limistéir atá nasctha go díreach lena chéile.
  • Seirbhís i limistéir nua amhail Bóthar Bhaile an Mhóinín Uachtarach, Ros Cam, Órán Mór agus limistéir eile.

Léarscáil den Ghréasán

Treoracha: Is féidir leat an léarscáil thíos a úsáid chun láithreacha agus minicíocht na mbealaí atá ann cheana agus na mbealaí nua a chur i gcomparáid lena chéile agus chun a fheiceáil cén t-athrú a thiocfadh ar an rochtain ar phoist mar thoradh ar an nGréasán Nua. Cliceáil de réir an tseolta, agus cliceáil, tarraing agus zúmáil chun láithreacha sonracha a aimsiú. Tar éis duit cliceáil ar láthair, cliceáil ar na cnaipí ar bharra uirlisí na léarscáile chun faisnéis faoi conas a d’fhreastalódh an gréasán nua ar an limistéar sin a thaispeáint agus a fholú.

An bhfuil sé amhlaidh nach féidir leat an léarscáil a fheiceáil? Bain triail as í a oscailt i bhfuinneog nua.

Image gallery contents:

Léarscáil den Dréacht-Ghréasán Nua

Léarscáil den Dréacht-Ghréasán Nua

Tabhair d’Aiseolas

Níl an suíomh seo ag glacadh le freagraí suirbhé a thuilleadh. Mar sin féin, féadfaidh tú aiseolas a chur isteach ag busconnects.ie/.

Ós rud é go bhfuil an Dréacht-Ghréasán Nua athbhreithnithe agat anois, cuir do thuairimí in iúl dúinn!

Trí thuiscint a ghnóthú ar thuairimí mhuintir na Gaillimhe ar an togra seo, beidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair níos ábalta na roghanna cearta a dhéanamh agus an Gréasán Nua deiridh á fhorbairt aige.

Is féidir leat filleadh ar an leathanach roimhe chun an léarscáil idirghníomhach a iniúchadh agus tú ag tabhairt freagra ar an suirbhé, nó is féidir leat cliceáil chun méid na Léarscáile den Ghréasán Nua a mhéadú:

Léarscáil den Dréacht-Ghréasán Nua

Léarscáil den Dréacht-Ghréasán Nua.
(Cliceáil uirthi chun a méid a mhéadú.)

Na Chéad Chéimeanna Eile

Go raibh maith agat as do spéis. Mura bhfuil aiseolas curtha isteach agat cheana féin, cuir isteach é, le do thoil, sula n-imíonn tú. Is féidir leat a fháil amach thíos cad a tharlaíonn anois agus conas is féidir leat bheith rannpháirteach ann.

Amlíne

Bainfear leas as an ionchur a gheofar ón bpobal i leith an Dréachta agus an Gréasán Nua Deiridh á fhorbairt. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn eolais le cláir chomhuaineacha BusConnects agus le pleananna áitiúla, amhail conairí bus agus lánaí rothaíochta a fhorbairt, agus an Staidéar Iompair do Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe a athrú chun dáta.

Foilseofar an Gréasán Nua Deiridh amach sa bhliain, agus táthar ag súil leis go dtosófar ar athruithe a dhéanamh ar bhealaí sa bhliain 2025.

Bí rannpháirteach

Dá mba mhaith leat coinneáil ar an eolas faoin staidéar seo agus faoi na deiseanna a bheidh ag an bpobal chun tuairimí a chur in iúl, seol ríomhphost chuig galwaynetwork@busconnects.ie agus cuirfear leis an liosta fógartha thú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil

Téigh chuig busconnects.ie/galway


100% Complete